Fúinn

Fúinn

Céad míle fáilte go Gaelscoil na Mí

Táimid paiseanta faoin oideachas i nGaelscoil na Mí. Tá sonas agus forbairt iomlánaíoch gach dalta inár scoil chun tosaigh i ngach rud a dhéanaimid. Baineann ár ndaltaí leas ní hamháin as an tumoideachas ach as timpeallacht fhoghlama atá fuinniúil agus dearfach freisin.

Ní bheadh ann don phobal scoile bríomhar atá againn inniu murach na hiarrachtaí ollmhóra atá curtha isteach ag ár bhfoireann, ár dtuismitheoirí agus ag ár bpobal. Táimid ag tnúth le leanúint leis an gcéad chaibidil eile inár scéal scoile in éineacht libh.

Máirín Ní Chonaire, Príomhoide

Ár Scoil

Is gaelscoil ilchreidmheach í Gaelscoil na Mí atá lonnaithe i gCampas Oideachais Chill Dhéagláin. Tá fás suntasach tagtha ar ár scoil ó osclaíodh í in 2011 le 36 dalta agus in 2016 bhogamar isteach inár bhfoirgneamh buan 16 seomra ranga.

An Foras Pátrúnachta

Tá ár scoil faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar ghaelscoileanna.

Comhoideachasúil agus Ilchreidmheach

Tá cuimsiú lárnach inár n-éiteas agus tá sé sin le feiceáil inár struchtúr comhoideachasúil, inár n-éiteas ilchreidmheach agus inár n-oscailteacht do gach teaghlach beag beann ar chúlra, creideamh, riachtanais bhreise nó teanga an tí.

Grá don Gaeilge

Is é an grá comhroinnte don chultúr Gaelach a cheanglaíonn gach ceann de na 50+ cultúr inár scoil – is é sin an chúis bhróid is móatá againn.

Barr Cumais Daltaí

I nGaelscoil na Mí, déanaimid gach iarracht acmhainn iomlán ár ndaltaí ar fad a aithint agus a fhorbairt. Spreagtar féinmheas agus meas ar a chéile i ngach gné de shaol na scoile. Spreagfaidh an taithí scoile seo, trí mheán na Gaeilge, grá don fhoghlaim, don traidisiún agus dár gcultúr.
bell time

Stair

Beidh pobal na scoile fíorbhuíoch i gcónaí dóibh siúd a thacaigh le feachtas 'Aitheantas' chun gaelscoil nua a bhunú in Oirthear na Mí. Nuair nach raibh an stát ag freastal ar mhian na dtuismitheoirí, ghlac siad seasamh láidir ar son an phobail agus ar son na Gaeilge agus bhunaigh siad ár scoil in 2011.