Córas Tumoideachais

Oideachas trí mheán na Gaeilge & An Córas Tumoideachais

I scoil lán Ghaeilge í Gaelscoil na Mí agus déanaimid an-iarracht Gaeltacht bheag a chruthú anseo. Mar sin tá an Ghaeilge:

  • Mar theanga na scoile
  • Mar theanga chumarsáide agus gnó na scoile
  • Mar theanga mhúinte agus foghlama i ngach ábhar seachas Béarla
  • Mar theanga chumarsáide ag na múinteoirí, na daltaí agus gach gné den scoil
  • Mar theanga an bhoird bainistíochta

Is é an tumoideachas an bhealach is éifeachtaí chun teanga a shealbhú agus mar sin baineann Gaelscoil na Mí úsáid as an Córas Tumoideachais. Ciallaíonn sé seo go bhfuil daltaí tumtha sa Ghaeilge óna gcéad lá ar scoil. Ní labhraíonn an múinteoir ach Gaeilge leo ón tús agus tagann siad isteach ar an tuiscint an-tapaidh. De réir a chéile, baineann siad úsáid as níos mó agus níos mó focail agus roimh dheireadh na bliana bíonn gach páiste in ann comhrá le na cairde agus múinteoir.

Tabhair faoi dheara gur chuid de Chód Iompar na Scoile é labhairt na Gaeilge agus ní mór do gach tuismitheoir agus páiste glacadh leis.