Stair na scoile

Stair na scoile 2011-2016

Bunaíodh Gaelscoil na Mí ar an gcéad lá de Mheán Fómhair 2011 le 36 páiste. Ceapadh Tricia Ní Mhaolagáin-Hosford mar phríomhoide & Fionnuala Nic Cába mar oide.  D’oscail an scoil ar shuíomh sealadach ar thalamh an CLG Domhnach Mór Cill Dhéagláin le haitheantas sealadach ón Roinn Oideachas agus Scileanna.  Tá Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge mar Phatrún ar an scoil agus is sainmheon Ilchreidmheach atá ag Gaelscoil na Mí.

Thar na blianta agus uimhreacha rollachán na scoile ag dul ó neart go neart fostaíodh múinteoirí nua agus cuireadh isteach seomraí ranga breise chuile bhliain. Sa bhliain 2015 casadh an fhóid ar an suíomh buan agus faoi láthair tá an scoil ag fanacht le bogadh isteach sa fhoirgneamh álainn nua.

[Eolas Breise faoin scoil: Sa bhliain 2010 bunaíodh Gaelscoil Ráth Tó gan aitheantas ón Roinn Oideachas & Scileanna. Bhí deichniúr páiste ar an rolla agus ceapadh Tricia Ní Mhaolagáin-Hosford mar mhúinteoir. Le linn na bliana sin cuireadh feachtas naistiúnta i bhfeidhim chun aitheantas a fháil don scoil toisc an mhór-éileamh ar ghaelscoilaíocht sa cheantar. Dhiúltaigh an Roinn aitheantas a bhronnadh ar an scoil ach sa bhliain 2011 d’éirigh le h-iarratas an Fhorais Phatrúnachta le gaelscoil nua a bhunú i gCill Dhéagláin. Tá an scoil thar a bheith buíoch le gach eagraíocht agus Gaelscoil a thacaigh leis an scoil sa chéad bhliain agus sinn ar tor an t-aitheantas.]