Blog

Turas Scoile na Naíonáin

22b0263e-d9d5-40ef-97da-f80c0c98e7c3
News

Turas Scoile na Naíonáin

Chuaigh Naíonáin Bheaga Róisín, Naíonáin Mhóra Fionnuala agus Naíonáin Mhóra ar turas scoile chuig Feirm Bhrú na Bóinne ar an Luan 10ú Meitheamh.

Bhí sceitimíní an domhain orainn ón nóiméad a chuamar ar an mbus.

Bhí neart oibreacha bóthair ar na bóithre ar an mbealach ach shroicheamar an fheirm agus bhí foireann an fheirm ag fanacht orainn.

Bhí muid roinnte i dhá ghrúpa don lá.
Bhuail muid le madraí, cait is sicíní álainn agus bhí muid ábalta láchínteacht á dhéanamh leis na h-ainmhithe go léir.
Ina dhiaidh sin, chonaic muid na capaill, an muc codladtach, na sicíní agus na gabhair.
Bhí seans againn bainne a thabhairt do na h-uainíní Bheaga.   

Bhí muid ábalta bia a thabhairt do na sicíní. 

Ansin, rith muid timpeall an crann ádh.  

Bhí poll gainimh agus bhí craic iontach againn ag spraoi leis an ngaineamh.  I ndiaidh an ghaineamh, bhí stáisiún uisce agus bhí spraoi iontach againn leis an uisce. 

Bhí tranglam tráchta againn ar na tarracóirí agus bhí neart spraoi againn.   

Bhí picnic againn san áit don lón agus bhí ocras an domhain orainn mar sin, bhí muid breá sásta ag ithe ár lón.  Thug Mamaí agus Daidí lón pacáilte do gach duine agus bhí cúpla rud deas sa bhosca lón.   

Bhí an lá chomh iontach sin nach raibh muid ag iarraidh dul abhaile! Thit cúpla duine ina gcodladh ar an mbus ar ais ar scoil mar bhí muid tuirseach traochta!  

Bhí lá iontach againn agus bhain muid taitneamh mór as an turas scoile.