Blog

Sicíní na Scoile

thumbnail_IMG_1312
Nuacht

Sicíní na Scoile

Bhí cuairteoirí beaga i Rang Róisín le déanaí!

Mar chuid den Cock-A-Doodle-Doo School Hatching Programme, tháinig 5 ubh isteach sna Naíonáin Bheaga ar feadh coicíse. Bhí deis ag na páistí na huibheacha a fheiceáil sa ghoradán agus na sicíní ag teacht amach ó na huibheacha. Ansin, bhog na sicíní isteach sa chlós beag a bhí acu agus bhí na páistí ag tabhairt aire dóibh agus ag déanamh cinnte go raibh a dhothain bia agus uisce acu. Sular fhág na sicíní, bhí deis ag na páistí iad a ainmniú agus barróga beaga a thabhairt dóibh.

D’imigh Chippy, Spot, Swifty, Fluffy agus Cooper ar ais chuig an bhfeirm an tseachtain seo chaite agus airímid uainn go mór iad!