Tuismitheoirí nua
Lúnasa 11, 2023 2025-03-10 13:48Tuismitheoirí nua



Réiltíní – Naíonra & Iarscoil
Freastalaíonn páistí réamhscoile ar an naíonra inár scoil. Cuirimid iarscoil ar fáil dár ndaltaí, rud a thugann deis do thuismitheoirí gnóthacha a bpáistí a bhailiú ag deireadh an lae.
Eolas Áisiúil do Thuismitheoirí

Is breá linn oideachas STEM
“Tá oideachas STEM an-tábhachtach inár scoil. Tugaimid deiseanna do dhaltaí foghlaim faoi STEM laistigh agus lasmuigh den rang – mar mura bhfuil tú in ann é a fheiceáil, ní féidir tú féin a shamhlú ann! Glacann ár scoil páirt sa Bleaist Eolaíochta san RDS gach bliain.” – Múinteoir Ellen
Eolas i do Theanga

Coláiste Ghlór na Mara – Gaelcholáiste
Tá Coláiste Ghlór na Mara ar an ngaelcholáiste is cóngaraí dúinn agus cuireann sé fáilte roimh dhaltaí ó Ghaelscoil na Mí. Is scoil den scoth í a chuireann ar chumas ár ndaltaí leanúint leis an oideachas lán-Ghaeilge ag an meánleibhéal. Tuilleadh eolais ar fáil anseo