Blog

Cumann na mBunscol 2023

thumbnail_IMG_8124
Nuacht

Cumann na mBunscol 2023

 

 

Ar an 19ú Samhain 2023, ghlac foireann peile na gcailíní páirt in éacht stairiúil do Ghaelscoil na Mí – An chéad chluiche ceannais a d’imir muid ann  ariamh!

Cluiche Ceannais le Roinn 2,3,4,5 i gCumann na mBunscol a bhí ann. Bhí Grace mar chaptaen ar an bhfoireann iontach seo, le Ciara, Sophia H, Aoibheann, Sophia C, Haley, Lara, Eve, Éabha, Chloe, Aimee-Leigh, Róise, Isabelle, Carla, Zoe.

Seo cuntas a scríobh Grace faoin gcluiche:

Cluiche iontach a bhí ann i gcoinne Mount Hanover, Duleek. An toradh deireanach ná 7-06 go 4-04.

Bhí an scoil ar fad ag crochadh postaeirí timpeall na scoile don fhoireann. Bhí ealaín agus postaeirí le feiceáil ar fud na háite. Bhí an scoil ar fad taobh thiar dúinn!

Ar an lá, bhuaileamar ag an scoil chun na geansaithe peile a bhailiú agus ar aghaidh linn! Chuamar chuig an gcluiche, a bhí ar siúl i bPáirc Tailteann, ar bhus.

Bhí go leor daoine ag an gcluiche ag tacú linn agus bhí gach duine an-bhródúil as an éacht iontach a rinneamar.

Cluiche iontach a bhí ann le go leor obair fhoirne. Bhronnadh duais ‘Star of the Final’ ar Charla agus bhí sé tuillte go maith aici tar éis di 4-01 a bhaint amach agus í mar imreoir ar an bpáirc agus mar cúl báire!

Ar ais ar scoil linn ansin chun bualadh suas leis na tuismitheoirí chun ‘beeps’ a dhéanamh timpeall baile Chill Dhéagláin.

Ar an Luan, fuaireamar duais mór sa scoil leis an bpríomhoide – cóisir Dominoes!

Bhí gach duine sa scoil an-bhródúil as na cailíní. Gaelscoil na Mí abú!!

 

Brúigh na nascanna seo chun tuilleadh a léamh faoin gcluiche:

https://hoganstand.com/Meath/Article/Index/329945

https://m.facebook.com/MeathDailyTV/videos/197594626730465/?extid=CL-UNK-UNK-UNK-IOS_GK0T-GK1C&ref=sharing&wtsid=rdr_0DvraGvlLitrgDPSP