Blog

Fáilte roimh ár bPríomhoide nua

Welcome Banner Instagram Post (1)
Nuacht Nuachtlitir

Fáilte roimh ár bPríomhoide nua

Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh ár bpríomhoide nua, Máirín.

Beidh Máirín Ní Chonaire ag tosú ina ról i mí na Samhna agus í ag tógáil ar a réimse leathan taithí sa ghaelscolaíocht agus i gceannaireacht scoile. Is céimí de chuid Coláiste Mhuire Marino agus Coláiste na Trionóide í Máirín agus tá sé bliana déag caite aici mar Phríomhoide Tánaisteach i nGaelscoil Thulach na nÓg i nDún Bóinne. Is cainteoir dúchais ó Rath Chairn í agus tá a páistí féin ag teacht tríd an scolaíocht lán-Ghaeilge.

Beimid ag súil le tús a chur le caibidil nua i saol na scoile faoi cheannaireacht Mháirín, í ag tógáil ar shaothar an iar-phríomhoide, Clár. Guímid gach rath ar Chlár ina gairm amach anseo.