Blog

Lóin Te Tagtha go Gaelscoil na Mí!

7e607777-4c27-4ad1-86b8-a01b0e7524bb
Nuacht

Lóin Te Tagtha go Gaelscoil na Mí!

Chuireamar tús leis na lójn te sa scoil inniu, an 21ú Bealtaine 2024. Bhí sceitimíní an domhain ar na páistí agus iad ag súil go mór le fáil amach an raibh an liamhás bácáilte chomh blasta leis an gceann a dhéanann mamó, agus níos tábhachtaí arís, an bhfuil an spice bag chomh maith leis an gceann a fhaigheann siad ag an deireadh seachtaine?!

Bhí neart miongháirí le feiceáil timpeall na scoile ag am lóin mór inniu agus ‘sé an pointe cainte is mó a bhí le cloisteáil sa chlós ná “conas mar a bhí do lón inniu?”!

Féachaigí ar na grianghrafanna iontacha de Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra A, Rang 1b agus Rang 2 ag ithe leo ag am lóin mór inniu.

Míle buíochas le The Lunch Bag as ucht an seirbhís álainn seo a chur ar fáil do pháistí na scoile. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.thelunchbag.ie.