Blog

Cluiche Leathcheannais Cumann na mBunscol

4e9887ad-40bc-48a0-be75-a840a2b85656
Nuacht

Cluiche Leathcheannais Cumann na mBunscol

Bhí ceiliúradh ollmhór sa scoil ar an Aoine nuair a d’fhill Foireann Chamógaíochta na scoile ón gcluiche leathcheannais le deá-nuacht. Tá bród orainn as na cailíní, atá tríd chuig an gcluiche ceannais de Chumann na mBunscoil i gContae na Mí. Seo í an chéad bhliain go bhfuil foireann chamógaíochta againn sa scoil agus táimid chomh buíoch gur éirigh linn dul chomh fada seo inár gcéad bhliain.

D’éirigh leis na cailíní an bua a bheith acu i gcoinne St. Oliver Plunkett NS i mBaile Fearainn ar an Aoine, 24ú Bealtaine. Bhí scór iontach bainte amach acu, 2-5 go 0-0. Buíochas ollmhór le Múínteoir Sorcha as an deá-obair atá curtha isteach aici leis an bhfoireann iontach seo.

Tá ba sonraí don chluiche ceannais le teacht… coinnigí súil amach dóibh, Táimid ag súil go mór le neart tacaíocht agus spreagadh don chluiche ceannais! Bígí linn!