Blog

Lá Oscailte do na Naíonáin Bheaga nua

Blue Colorful Playful Open Sign Instagram Post (1)
Nuacht

Lá Oscailte do na Naíonáin Bheaga nua

Tá áthas an domhain orainn fáilte a chur roimh páistí agus tuismitheoirí Naíonáin Bheaga 2024/25 teacht chuig ár Lá Oscailte an Déardaoin seo.

Tosóidh an Lá Oscailte ag 1in. Beidh cur i láthair sa halla do na tuismitheoirí ina mbeidh deis agaibh eolas a bhailiú faoin scoil agus an lá scoile, ceisteanna a chur agus aithne a chur ar a gcéile. Fad is atá na tuismitheoirí sa halla, beidh na páistí sa seomra ranga ag bualadh leis na múinteoirí agus lena gcéile.

Beidh Cairde na Scoile ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt, eolas agus a dtaithí féin sa scoil a roinnt libh agus chun sibh a chur ar bhur suaimhneas le cupán tae nó caifé.

Tá áiteanna fós ar fáil do Naíonáin Bheaga don scoilbhliain 2024/25. Má tá suim agat, bí i dteagmháil le Joanne san oifig, oifig@gaelscoilnami.ie nó 01) 835 3480.

Ag súil go mór libh a fheiceáil ar an Déardaoin!

Pic: Seán Ó Mainnín