Turas Gaeltachta Rang 6
Meitheamh 17, 2024 2024-06-17 15:21Turas Gaeltachta Rang 6
Turas Gaeltachta Rang 6
Chuaigh Rang a 6 go dtí an Ghaeltacht i Ráth Chairn don turas scoile. D’fhágamar an scoil ag 9.30 rn. Chuamar go dtí an caisleán in Átha Troim ar an mbealach. Rinneamar turas den caisleán. Bhí sé an-suimiúil. Bhí picnic againn agus chuamar ar siúlóid timpeall an bhaile.
Ansin chuamar go dtí an Áras Pobail i Ráth Chairn. Bhíomar ag spraoi cluichí agus bhí ceardlann amhránaíochta againn. D’fhoghlaim muid an t-amhrán ‘Bean Pháidín’. Tar éis é sin, chuamar go dtí na tithe. Bhí na buachaillí ag fanacht i dteach le Múinteoir Adrian. Bhí na cailíní ó Rang 6A i dteach le Múinteoir Clara agus bhí na cailíní ó Rang 6B ag fanacht i dteach le Príomhoide Máirín. Bhí céilí againn an oíche agus bhíomar ag spraoi cluichí ar an bpáirc peile.
Bhíomar an-ghnóthach ar an dara lá. Chuamar go dtí an bunscoil áitiúil agus rinneamar spórt leis na páistí i Rang 6. Chuamar ar siúlóid timpeall an bhaile. Bhí Tráth na gCeist againn, bhíomar ag bácáil, rinneamar cluiche biongó agus toraíocht taisce agus bhí céile againn. Bhí an siopa ar oscailt chomh maith chun milseáin a fháil!
Bhí an-tuirse orainn ar an lá deireanach. Bhí orainn imeacht go luath chun dul go ‘Boyne Valley Activity Centre’ in Átha Troim. Rinneamar cadhcáil, boghdóireacht agus cluichí comhoibreach. Thaithin an cadhcáil go mór liom mar bhíomar ar na ‘rapids’.
Bhí turas iontach againn!
Kevin Rubenis, Rang 6A