Blog

Turas Scoile Rang Ellen

thumbnail_IMG_1948
Nuacht

Turas Scoile Rang Ellen

Chuaigh Rang Ellen ar ár gcéad turas scoile an Aoine seo chaite agus bhí lá den scoth againn!

Chuaigh Tadgh, Juno, Reuben, Jake agus Dominic, chomh maith lenár mbuddies Joshua, Lara agus Sophia ó Rang 6, go Bounce N Beyond i mBaile Bachaille.

Bhí sceitimíní orainn agus muid ag dul ar an mbus – an chéad thuras ar bhus do chuid de na páistí – ach bhaineamar an-taitneamh as na cúlbóithre agus muid ag preabadh timpeall ar na suíocháin ar an mbus!

Bhí orainn stocaí speisialta a chaitheamh le dul isteach ar na traimpilíní agus ceapann cúpla páiste sa rang go raibh na stocaí seo draíochtúil mar gheall ar cé chomh hard is a raibh siad in ann léimt iontu!

Idir na tumbles, flips, free falls, foam pits, monkey bars, an seomra céadfaí agus wall trampolines bhíomar uilig scriosta ar an mbealach abhaile (go háirithe na múinteoirí agus cúntóirí!) ach bhíomhar ar mhuin na muice tar éis lá iontach a bheith againn.

Míle buíochas le Joshua, Lara agus Sophia as ucht a gcairdeas agus cabhair ar an lá, is réalta sibh!

Táimid ag súil go mór lenár gcéad thuras eile 😊