Tá an Pháirc Uile-Aimsire Tagtha!
Tá an Pháirc Uile-Aimsire Tagtha!
Deá-nuacht ollmhór atá againn! Tá pobal na scoile tar éis tarraingt le chéile agus méid mór airgid a bhailiú chun Páirc-Uile Aimsire a thógáil sa scoil, rud a bhí ar ár ‘wish list’ ar feadh na blianta. Osclaíodh an Pháirc ar an 23ú Deireadh Fómhair 2025, le Rang 6 Fionnuala ag imirt an chéad chluiche peile ar an bpáirc de bharr Comórtas na nGaeilge a bhuachaint.
Ba mhaith linn buíochas ollmhór a ghabháil le héinne a chuidigh linn an éacht seo a bhaint amach – idir chomhlachtaí áitiúla, deontais ó chomhlachtaí agus, dar ndóigh, pobal na scoile, Cairde na Scoile agus ár Bord Bainistíochta, a thug agus a thugann tacaíocht dúinn an t-am ar fad! Ní féidir gan tagairt a dhéanamh don obair chrua a chur Príomhoide Máirín isteach sa thionscnamh seo agus táimid thar a bheith buíoch aisti.
Tá an pháirc in úsáid gach lá beo sa scoil. Idir cluichí peile, comórtais peile ag am lóin, sosanna rialúcháin agus spórt ranga, tá an-éileamh ar an bpáirc!
Beir bua!






