Tuismitheoirí reatha

Tuismitheoirí reatha

Leagtar amach eolas ar an leathanach seo chun tacú leat mar thuismitheoir scoile. Molaimid do thuismitheoirí an t-am a thógáil cur amach a fháil ar an eolas atá bailithe agus luach a bhaint as na acmhainní atá roinnte ann.

Chun tacú le tuismitheoirí na scoile tacú le hoideachas a bpáistí féin, tá acmhainn nua forbartha againn a dhíríonn isteach ar scileanna teanga (Gaeilge agus Béarla).

Oideachas Speisialta

Tá foireann faoi leith sa scoil a bhíonn ag plé le hOideachas Speisialta. Déanaimid freastal ar dhaltaí le riachtanais bhreise sa rang príomhshrutha agus sa rang speisialta. Má tá fonn ort labhairt linn ar an ábhar seo, beidh fáilte is fiche romhat.

Tosaigh an comhrá le múinteoir ranga do pháiste. Tá leabhrán eolais maidir le disléicse ar fáil anseo.

Ríomhfhiosrú na nGardaí

Bíonn gá tuismitheoirí a phróiseáil trí Ríomhfhiosrú na nGardaí nuair a bhíonn obair leanúnach, íoctha nó foirmeálta ar siúl acu. Má iarrtar ort iarratas ríomhfhiosraithe a sheoladh isteach, bain úsáid as an bhfoirm thíos.

Cuirtear treoracha ar fáil sa cháipéis faoi conas an fhoirm a chomhlánú. Ag deireadh an phróisis, seolfar nochtadh ar ríomhphost chugat. Is féidir an nochtadh sin a sheoladh ar aghaidh chuig an scoil ar ríomhphost nó é a chur i gcló.

Coinnigh ar an eolas

Cuirfidh an scoil tuismitheoirí ar an eolas trí Nuachtlitir na Scoile, na Meáin shóisialta agus trí chumarsáid dhíreach. Molaimid do gach tuismitheoir an scoil a leanúint ar na meáin shóisialta agus an Nuachtlitir a léamh chun an tuiscint is fearr a fháil ar shaol scoile do pháiste.

Polasaithe

Má tá fonn ort fáil amach níos mó maidir le conas a thugann an scoil faoi ghnéithe thábhachtacha de shaol na scoile, tabhair cuairt ar leathanach na bPolasaithe.

Tugtar eolas cuimsitheach agus chun dáta ann faoi réimsí go leor; ó chosaint leanaí go turais scoile agus ó chumarsáid go teagmhais chriticúla.

Gaeilge

Tá réimse tacaíochtaí ar fáil do thuismitheoirí maidir leis an nGaeilge. Bíonn an-tóir ar Duolingo mar áis foghlamtha mar aon le ranganna Gaeilge. Tá suíomh idirlín ar leith ann do thuismitheoirí i ngaelscoileanna www.irishforparents.ie

Tá leabhrán do thuismitheoirí le frásaí beaga Gaeilge ar fáil anseo agus leagan Úcráinise den leabhrán anseo. Iarraimid ar thuismitheoirí an méid Gaeilge atá acu a úsáid, rud a chuireann go mór le spiorad na scoile.

Naíonra / Iarscoil

Cuireann ‘Réiltíní’ dhá sheirbhís ar fáil do thuismitheoirí na scoile; Naíonra (ECCE) agus cúram leanaí lasmuigh d’uaireanta scoile. Má tá spéis agat eolas breise a fháil faoi na seirbhísí seo, is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le Stiúrthóir na seirbhísí, Rosie ag reiltininaionra@gmail.com nó 086 158 9972

Cumann na dTuismitheoirí

Tá gach tuismitheoir/caomhnóir ina b(h)all de Chumann na dTuismitheoirí sa scoil, Cairde Ghaelscoil na Mí. Bíonn Cruinniú Cinn Bhliana ag an gComhairle i bhFómhar na bliana agus toghtar Coiste ann.
Bíonn Cairde Ghaelscoil na Mí ag comhoibriú le foireann na scoile agus leis an mBord Bainistíochta chun cur le saol na scoile.

Tá ceithre aidhm i gceist le hobair an chumainn:

  1. Páirtíocht agus comhoibriú a chothú idir Thuismitheoirí, Mhúinteoirí agus an Bord Bainistíochta ar mhaithe le hoideachas agus forbairt leanúnach na bpáistí.
  2. Tuairimí na dTuismitheoirí a chur in iúl taobh istigh den scoil agus do ghrúpaí taobh amuigh, m.sh. Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí.
  3. Tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir le forbairtí sa scoil agus maidir le hathraithe oideachasúla a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar na páistí.
  4. Tacú leis an scoil imeachtaí a eagrú a thacaíonn leis an scoil go sóisialta agus ó thaobh airgid de.

Moltar do thuismitheoirí páirt a ghlacadh sa chumann chun tacú le forbairt na scoile. Is bealach an-mhaith é freisin chun aithne a chur ar thuismitheoirí eile.

Ní bheadh an scoil in ann leanúint ar aghaidh mar atá gan an tacaíocht airgeadais agus cabhair ón ngrúpa seo. Táimid fíorbhuíoch as an gcomhoibriú ar fad.

Tuairisc cigireachta

Tá an Tuairisc Cigireachta is déanaí (Measúnú Scoile Uile, 2019) faoin scoil ar fáil sa nasc seo.

Naisc

Cuirtear eolas cabhrach faoi réimsí éagsúla ar fáil ar an suímh seo a leanas: